Tá an t-athrú aeráide ag cur athrú ar Chonamara. Céard atá i ndán dúinn? Agus cé a rachaidh i ngleic leis?
Arna choimeadú ag Ríonach Ní Néill, déanann ealaíontóiri Baint an Aeir machnamh ar an ghéarchéim aeráide, agus ar bhealaí le húsáid a bhaint as nósanna thraidisiúnta Chonamara, as an tírdhreach agus na hacmhainní nádúrtha atá ar fáil go háitiúil, chun todhchaí dícharbónaithe a bhaint amach.
Seoladh an Dealbh Cumhachta Gealaigh le Paddy Bloomer, dealbh cinéiteach cumhachtaithe ag tuirbín taoide, ar chatamaran atá tógtha as sean-lannaí tuirbíní gaoithe.
Siúlóid treoirithe le Dr. Mícheál Ó Cinnéide ag déanamh plé ar thionchar an t-athrú aeráide ar thimpeallacht agus ar thírdhreach na Ceathrún Rua.
Cúirt ar 'An Scailp' le Seán Ó Flaithearta & Marcus Mac Conghail, suiteán idirghníomhach ealaíne, fuaime & aeráide, inar féidir nóiméad de chaidreamh siombalach agus íogair a roinnt le daoine eile, gur féidir samhlú, freagairt agus machnamh a dheanamh ar an ngéarchéim aeráide.
Siúlóid Spéirscéalta le Dr. Liz Coleman ag déanamh plé ar an cheangailt idir an t-aer a n-análaimid, an t-asmaféar agus an t-athrú aeráide.
Radharc amach ar an Dealbh Cumhachta Gealaigh ar Chuan an Fhir Mhóir, ceol nuachumtha le Caitríona Ní Chonaola agus Máirtin Breathnach, picnic cumhachtaithe ag Solar Structures. Cloisfimid faoin foscadh ginte fuinnimh atá á dhearadh ag Ríonach Ní Néill agus Aoife Casby don Pháirc Astro le nach mbeadh lucht leanta spóirt fuar ná fliuch a thuilleadh.
Satharn 9 Iúil 2022
18.00 – 10.30
carrchlós Áras Uí Chadhain,
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
https://goo.gl/maps/DuwNyRr18icwuByNA
Eventbrite: https://www.eventbrite.com/e/baint-an-aeir-turas-ealaine-aeraide-tickets-373896132397
le caoinchead John Hinde Archive, Mary Evans Picture Library