Home
Privacy settings

BAINT AN AEIR



“Múineann gá seift”

Tá an t-athrú aeráide ag cur athrú ar Chonamara. Céard atá i ndán dúinn? Agus cé a rachaidh i ngleic leis? Faoi stiúir Ríonach Ní Néill, tugann Baint an Aeir ealaíontóirí, eolaithe agus an phobal le chéile le machnamh a dhéanamh ar an ghéarchéim aeráide, agus ar bhealaí le húsáid a bhaint as nósanna thraidisiúnta Chonamara, as an tírdhreach agus na hacmhainní nádúrtha atá ar fáil go háitiúil, chun todhchaí dícharbónaithe a bhaint amach.

 

Stiúrthóir ealaíne | Artistic director

Ríonach Ní Néill


Arna léiriú ag | Produced by

Ciotóg


Ealaíontóirí | Artists

Paddy Bloomer

Aoife Casby

Seán Ó Flaithearta

Marcus Mac Conghail


Arna mhaoiniú ag | Funded by

an Chiste Gníomh Cruthaíoch don Aeráid, atá á riar ag Éire Ildánach i gcomhpháirt le an Roinn Comhshaoil, Aeráide & Cumarsáide


Le tacaíocht ó | Supported by

Údarás na Gaeltachta, Comharchumann Mhic Dara, Pobal Rua


íomhá | image

le caoinchead John Hinde Archive, Mary Evans Picture Library

 

 

MO THÓIN THE



Launching August 2022.

Á sheoladh Lúnasa 2022.

 

Ealaíontóirí | Artists

Ríonach Ní Néill & Aoife Casby


Innealtóir Fuinneamh Inathnuaite | Renewable Energy Engineer

Duncan Mathews


Innealtóir Structúir | Structural Engineer

Pat Rynn Engineering Ltd


Comhairleoir | Consultant

Pete Casby


Áit | Location

Páirc Astro, Páirc an Chathánaigh, an Cheathrú Rua


Dátaí | Date

Lúnasa 2022

 

Buíochas le | Thanks to

Coiste na Páirce, Páirc an Chathánaigh

 

AN SCAILP



Tá níos mó teifeach agus daoine díláithrithe ann de bharr athrú aeráide, agus tarraingímid samplaí ónár stair agus ó chuntais áitiúla agus ó thaithí saoil, le ceachtanna a fhoghlaim faoin méid atá i ndán dúinn amach anseo.

Teastaíonn foscadh sealadach de shaghas éigin do theifigh agus iad ag teitheadh ó chogadh, ó Ghorta nó ó ghéarchéim aeráide. Tá gá le foscadh d’ollghluaiseacht daoine in aimsir na tubaiste. Is cuireadh é seo chun nóiméad de chaidreamh siombalach agus íogair a roinnt le daoine eile, chun gur féidir libhse mar dhaoine atá ag maireachtáil i ‘Scailp’ an ghéarchéim aeráide seo a shamhlú, freagairt di agus bhur machnamh a dhéanamh uirthi.

Déantar athinsint sa tionscadal ar scéalta atá i gcuimhne na ndaoine,agus i mBailiúchán na Scol, go háirithe scéalta faoi Oíche na Gaoithe Móire. Déantar athinsint ar chuntais ar shaol na ndaoine ba bhoichte agus ba leochailí in Éirinn le linn an Drochshaoil sna 1840idí. Cuirtear béim inár gcomhchuimhne ar eispéiris daoine a bhí i sáinn, agus ar an méid a rinne siad le teacht slán. Ba iad muintir na ‘Scailpeanna’ na daoine ba mhó a ndeachaigh an Drochshaol i bhfeidhm orthu. Cailleadh an oiread sin de na daoine sna háiteanna foscaidh seo le linn an Ghorta Mhóir.

Is struchtúr primitíbheach í ‘Scailp’: scoilt nó scoilteanna i gcarraig, fothain, nó uaimh, slais nó bothán cré, nó poll dhá nó trí throigh ar doimhne. Chuirtí díon air le maidí agus scraitheacha móna, mar a bheadh sásar bunoscionn. Bhí go leor de na daoine ar leagadh a gcuid tithe go talamh ina gcónaí in áiteanna mar sin. Thóg go leor daoine díláithrithe an méid a bhí siad in ann as a gcuid tithe agus rinne siad iarracht foscadh a thógáil, is cuma cé chomh hainnis agus a bhí siad. Bhí súil acu go bhfágfadh an tiarna talún faoi shíocháin iad san áit chónaithe thruamhéalach seo. Cé go raibh cuid mhór dár mbochtáin ina gcónaí iontu, de bhrí gur struchtúr orgánach a bhí iontu, is beag rian a d’fhág siad ar ár dtírdhreach.

Faoi láthair agus níos mó agus níos mó imní orainn maidir leis an éigeandáil aeráide agus muid ag foghlaim cén leigheas atá uirthi, spreag smaoineamh na ‘Scailpe’ an tionscadal chun iniúchadh a dhéanamh ar spásanna foscaidh. Tógadh an ‘Scailp’ in aon lá amháin de láimh, le cúpla uirlis shimplí, sa gcaoi nach gcuirfí isteach ar an timpeallacht agus nach ndéanfaí dochar di. Freisin, is macalla é sin den phráinn a bhí ann in aimsir an Drochshaoil foscadh a fháil roimh thitim na hoíche. Tá nasc an-láidir idir an bealach ar tógadh agus ar dearadh an áit foscaidh agus an t-idirghníomhú idir an suiteán agus an taobh tíre timpeall air. Is gné thábhachtach ó thaobh an tionscadail de gur ábhar áitiúil atá úsáidte. Baineadh úsáid as adhmad, scraitheacha, féar agus uisce ón suíomh. Nuair a shiúlann duine sa taobh tíre i dtreo na Scailpe agus laistigh di is féidir fuaimdhreach a scanadh bunaithe ar na scéalta. Sa saothar ealaíne seo, tugtar cuireadh don lucht féachana am a ghlacadh, suí síos chun an suiteán a chur ag obair.

Is cuimhne mhachnamhach ar an am atá caite agus ar an domhan nádúrtha atá sa ‘Scailp’, trí idirghníomhaíochtaí idir fhuaim agus an domhan nádúrtha. Tá muid ar fad ag brath ar a chéile san éiceachóras leochaileach agus gearrshaolach seo. Is sa cheist seo faoin gcothromaíocht íogair idir struchtúr agus tírdhreach croícheist an tionscadail. Tá gaol láidir idir ár dtimpeallacht agus obair an duine agus an nádúr, cuireann an ‘Scailp’ cosaint ar fáil ó na heilimintí ach tá sí fós fréamhaithe go hiomlán sa timpeallacht agus inár stair. Cuirtear an cheist, céard atá orainn a dhéanamh le muid fhéin a chosaint amach anseo. Is fúinn fhéin atá sé.

Seán Ó Flaithearta

 

Tá an Scailp suite ar thaobh na farraige, ar an taobh thiar de Chéibh an Dóilín. Tá cúig chód QR le fáil ar an mBóthar Buí, Trá an Dóilín agus pointí éagsúla ar láthair an Scailp. Tugtar cuireadh duit an cód QR a scanadh le fón póca agus éisteacht leis an fhuaimdhreach agus tú ag siúl i dtreo na Scailpe.

Ealaíontóirí | Artists

Seán Ó Flaithearta & Marcus Mac Conghail


Arna choimeádú ag | Curated by

Ríonach Ní Néill


Tógáil | Construction

Mícheál Ó Gaoithín, Patrick Ó Gaoithín


Fuaimdhreach | Soundscape

Marcus Mac Conghail

le

Méabh Ní Chonfhaola & Oisín Ó Gionnáin ag léamh sliochtanna as Bailiúchán na Scol filíocht le Mícheál Ó Cinnéide


Taifeadta ag | Recorded by

Mícheál Ó Domhnaill, Stiúdeo na nOileán


Áit | Location

Céibh an Dóilín, an Cheathrú Rua


Dátaí | Date

09.07.22 – 30.09.22

 

Buíochas le | Thanks to

Ciarán Ó Ceallaigh & a mhuintir, Brídín Nic Dhonncha, Máire Ní Chualáin, Caitríona Ní Chonchubhair agus Scoil Thír an Fhia, Dúchas.ie

 

Léarscáil
http://www.macalla.ie/hir/images/baint_an_aeir/pic3.jpg

TURAS EALAÍNE & AERÁIDE



Tá an t-athrú aeráide ag cur athrú ar Chonamara. Céard atá i ndán dúinn? Agus cé a rachaidh i ngleic leis?

Arna choimeadú ag Ríonach Ní Néill, déanann ealaíontóiri Baint an Aeir machnamh ar an ghéarchéim aeráide, agus ar bhealaí le húsáid a bhaint as nósanna thraidisiúnta Chonamara, as an tírdhreach agus na hacmhainní nádúrtha atá ar fáil go háitiúil, chun todhchaí dícharbónaithe a bhaint amach.

 

AMCHLÁR

18:00: Caladh Thadhg

Seoladh an Dealbh Cumhachta Gealaigh le Paddy Bloomer, dealbh cinéiteach cumhachtaithe ag tuirbín taoide, ar chatamaran atá tógtha as sean-lannaí tuirbíní gaoithe.

18:30: Caladh Thadhg go Céibh an Dóilín

Siúlóid treoirithe le Dr. Mícheál Ó Cinnéide ag déanamh plé ar thionchar an t-athrú aeráide ar thimpeallacht agus ar thírdhreach na Ceathrún Rua.

19:15: Céibh an Dóilín

Cúirt ar 'An Scailp' le Seán Ó Flaithearta & Marcus Mac Conghail, suiteán idirghníomhach ealaíne, fuaime & aeráide, inar féidir nóiméad de chaidreamh siombalach agus íogair a roinnt le daoine eile, gur féidir samhlú, freagairt agus machnamh a dheanamh ar an ngéarchéim aeráide.

20:00: Céibh an Dóilín go Trá an Dóilín

Siúlóid Spéirscéalta le Dr. Liz Coleman ag déanamh plé ar an cheangailt idir an t-aer a n-análaimid, an t-asmaféar agus an t-athrú aeráide.

21:15: Trá an Dóilín

Radharc amach ar an Dealbh Cumhachta Gealaigh ar Chuan an Fhir Mhóir, ceol nuachumtha le Caitríona Ní Chonaola agus Máirtin Breathnach, picnic cumhachtaithe ag Solar Structures. Cloisfimid faoin foscadh ginte fuinnimh atá á dhearadh ag Ríonach Ní Néill agus Aoife Casby don Pháirc Astro le nach mbeadh lucht leanta spóirt fuar ná fliuch a thuilleadh.

This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

 
dáta | date

Satharn 9 Iúil 2022


am | time

18.00 – 10.30


bualadh le chéile ag | meeting point

carrchlós Áras Uí Chadhain,

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

https://goo.gl/maps/DuwNyRr18icwuByNA


saor in aisce | free

cuir ticéad in áirithe | book

Eventbrite: https://www.eventbrite.com/e/baint-an-aeir-turas-ealaine-aeraide-tickets-373896132397


íomhá | image

le caoinchead John Hinde Archive, Mary Evans Picture Library


 

 

 

SEAGOING MOON-POWERED SCULPTURE



This project brings together 3 strands; tidal energy, boat building and kinetic sculpture. The energy density of moving water is very high and tidal energy is still not exploited commercially, so the technology holds a sense of fascination for tinkerers and armchair inventors. I plan to take the armchair to sea and experiment with home brew tidal turbines.

An Cheathrú Rua is surrounded by water and has some significant tidal streams and races. Where sea water is rhythmically pulled through bays and around islands by the gravitational forces of the sun and moon, a successfully tidal turbine will be used to provide power for a sea going kinetic sculpture.

Boat building; the boat is a catamaran built from 2 scrap wind turbine blades. Catamaran is an Austronesian word meaning logs bound together. Wind turbine blades are a waste materiel from the wind power industry and are an increasing problem as they are made from GRP which is not easily recycle able. The boat provides a vehicle/platform for tidal energy and sculptural strands

The kinetic sculpture is based on the movements of celestial bodies. A cross between Etch a Sketch and swing-ball, the sculpture draws arcs and epicycles with light in the sky and on the water.

Paddy Bloomer

 

Ealaíontóir | Artist

Paddy Bloomer


Arna choimeádú ag | Curated by

Ríonach Ní Néill


Rannpháirtithe | Participants

An Seid, Cumann na bhFear


An chéad seoladh eile | Next sailing

09.07.22 ó Chaladh Thadhg

 

Buíochas le | Thanks to

Máirtín Breathnach & Shedheads Cumann na bhFear, Micheal Flaherty, James Duncan, Cuan Boake

 

CIOTÓG



Ciotóg is based in the Conamara Gaeltacht and is dedicated to embracing the spectrum of the arts in the creation of work in Irish and English. Founded by Ríonach Ní Néill in 2004, Ciotóg creates alliances between art-forms, and between professional and non-vocational artists, in order to extend the relationship between art and its community, and to reflect and engage with the multiplicity of human experience.

Ciotóg’s work is inspired by an engagement with human and social issues. We believe that art is a form of civic dialogue, creating spaces for us to engage with one another and our surroundings, provoke reflection and allowing us to imagine ourselves, and others differently.

Ciotóg often chooses to collaborate with professional and lay artists, to situate professional practice within a social context and to exploit the collaborative nature of art through engaging with a wide range of people. It is concerned with the questions, who can create? about what? for whom? whose creativity may be seen?

We are continually seeking new platforms and encounters, and works have ranged from theatre-based, site-specific and virtual to process-based involving long-term engagement with specific populations. Ciotóg’s work has involved collaborations with composers, cinematographers, architects, actors, writers, visual artists, engineers, physicists, professional and lay dancers, rural, suburban and urban dwellers across all ages and has been invited to festivals and venues worldwide.

 

Is compántas léiriúchán ealaíne é Ciotóg, ar bhunaigh Ríonach Ní Néill i 2004. Tá muid lonnaithe i nGaeltacht Chonamara, áit ina mbíonn muid ag crothú saothair i nGaeilge agus i mBéarla. Bíonn muid ag obair le healaíontóirí agus an phobal, maraon le eolaithe, dearthóirí, innealtóirí, ailtirí agus scannánóirí, chun saincheisteanna daonna agus sóisialta a phlé. Bíonn na ceisteanna, cé atá in acmhainn a bheith ag crothú; céard faoi é; cé dó an ealaín mar bhonn faoinár saothair.

Cuimsíonn saothair Ciotóg rince, scannánaíocht, amharc-ealaín, ealaín suiteála, dealbhóireacht, léarscálaíocht agus ealaín rannpháirtíoch. Oibríonn muid i suíomhanna éagsúla, idir amharclainn, pictiúrlainn, dánlainn, agus suíomhanna neamhfhoirmeálta amuigh faoin aeir. Tá duaiseanna idirnáisiúnta bainte amach againn agus tá saothair Ciotóg curtha i láthair ar fud an domhain.

 

 

 

 

This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.