SUIRBHÉIREACHT BHITHÉAGSÚLACHTA
Ar mhaith leat aithne a chur ar phlandaí fhiáine agus gnáthóga éagsúla na Ceathrún Rua?
Tar amach linn trathnóna Dé Máirt agus Dé Céadaoin 6 & 7 Meán Fómhair. Faoi stiúir an eiceolaí Cian Ó Ceallaigh, beidh muid ag déanamh staidéar ar na plandaí fiáine atá ag fás i dhá ghnathóg éagsúla sa cheantar.
Dé Máirt 06.09.22 - an Pháirc Astro, an Tismeán.
Beidh muid ag mapáil na bplandaí atá ag fás sa chúinne thiar den charrchlós ag an Pháirc Astro.
Dé Céadaoin 07.09.22 - an Muirbheach, Céibh an Dóilín.
Beidh muid ag déanamh iniúchadh ar ghnáthóg cósta an Muirbheach, ag Céibh an Dóilín.
Más maith leat bheith linn, seol rphost ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó téacs/whatsapp ag 087-4121775.
Tá fáilte roimh chách.
Is éiceolaí agus luibheolaí as Tír an Fhia é Cian, agus tá spéis ar leith aige san luibheolaíocht (brífítí san áireamh) agus sainaithint plandaí. Bíonn sé ag déanamh suirbhéaracht ar fhálta, agus ar speicis faoi chosaint ar nós an ialtóg, broc, an tearc mór creagach, éin goir agus mamaigh i mbruachgnathóga. Bíonn sé ag mapáil coillte ársa agus ag suirbhéireacht agus ag glanadh speicis coimhthíocha ionracha ar nós an rhododendron in iarthar na tíre.
Dátaí | Dates
06.09.22 & 07.09.22
Am | Time
18:00 – 19:30
Áit | Location
Dé Máirt 06.09.22
Páirc Astro Pháirc an Chathánaigh, an Cheathrú Rua
Dé Céadaoin 07.09.22
An Muirbheach, Céibh an Dóilín, an Cheathrú Rua
Saor in aisce | Free
Áirithint | Booking
Seol rphost chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó téacs ag 087- 4121775 ag cur in iúl cén seisiú(in)n ar a mbeidh tú ag freastal.
Send an email to Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. or text 087-4121775 indicating which session(s) you are participating in.
Íomhá le | Image by
Brídín Nic Dhonncha