Dealbh Cumhachta Gealaigh Mara
Privacy settings

http://www.macalla.ie/hir/images/baint_an_aeir/paddy_bloomer_1.jpg

DEALBH CUMHACHTA GEALAIGH MARA



Tá trí pháirt leis an togra seo; ginniúint fuinneamh taoide, saoirseacht bád agus dealbhóireacht chinéiteach.

Níl cumacht á giniúint ar mhórscála ó fhuinneamh srutha taoide go fóill, cé bhfuil dlús an-árd fuinnimh ag uisce atá ag corraí. Cuireann ceist na teicneolaíochta na haireagóirí cois teallaigh ag aislingeacht. Sa dtogra seo, cuirim m’aisling féin chun na farraige agus mo thurgnamh tuirbín taoide ag snámh.

Tá srutha taoide agus caise mhara sna cuanta timpeall ar an Cheathrú Rua. Táim sa tóir ar na háiteanna ina bhfuil an sáile á tharraingt siar is aniar sna cuanta agus thart ar na hoileáin ag fórsaí imtharraingthe na gréine agus na gealaigh. Is ins na háiteanna seo gur féidir le tuirbín taoide cumhacht a sholáthar do mo dhealbh chinéiteach mhara.

Saoirseacht bád; is catamarán é an bád ar thóg me as péire sean-lanna tuirbín gaoithe. Is focal Astráinéisise é Catamarán, a chiallaíonn dhá phíosa adhmaid ceangailte le chéile. Is drámhaíl iad na lanna seo ón dtionscal gaoithe. Tá fadhb mhór leo mar gur as plaisteach ghloinethreisithe iad nach féidir a athchúrsáil go héasca. Is árdán é an bád seo don tuirbín taoide agus don dealbh chinéiteach.

Dealbhóireacht chinéiteach; leanann gluaiseacht na ndealbh gluaiseacht na réalta agus na bplainéad. Idir ‘Etch a Sketch’ agus ‘swing-ball’, lasann soilse na dealbha an spéir agus an uisce le stuanna agus eipiciogail.

Paddy Bloomer

 

Ealaíontóir | Artist

Paddy Bloomer


Arna choimeádú ag | Curated by

Ríonach Ní Néill


Rannpháirtithe | Participants

An Seid, Cumann na bhFear


An chéad seoladh eile | Next sailing

09.07.22 ó Chaladh Thadhg

 

Buíochas le | Thanks to

Máirtín Breathnach & Shedheads Cumann na bhFear, Micheal Flaherty, James Duncan, Cuan Boake

 

 

 

 

 

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.