TEARMANN DÚLRA PÁIRC ASTRO NA CEATHRÚN RUA
Is tearmann thábhachtach é an cúinne beag seo do phlandaí agus do phailneoirí atá faoi bhrú ag an éigeandáil aeráide, ag an bhforbairt uirbeach agus ag dúshláin na diantalmhaíochta.
Is gnáthóga éiritheach é, gnáthóg nach mbeadh ann murach an duine, agus tá plandaí agus ainmhithe nach bhfeicfeá le chéile i ngnáthóga nádúrtha ag maireachtáil anois i dteannta a chéile. Tá breis is 40 cineál planda fiáin ag fás anseo, agus tá na locháin uisce agus na clocha mar fhoscadh don earc luachra, don bhfrog agus don tsnáthaid mhór.
Nuair a tógadh an Páirc Astro, fágadh talamh briste agus cloch éibhir nochtaithe ina ndiaidh. Tá talamh briste mar seo feiliúnach do raon leathan plandaí agus ainmhithe freisin, agus tá an nádúr ag glacadh seilbh ar an talamh arís.

Tá meascán éagsúil créafóige agus clocha le fáil sa gcúinne seo, chomh maith le paistí sa ngrian agus sa scáth. Tá locháin bheaga uisce sna scoilteacha sna clocha, agus tá mianraí agus cothaithigh éagsúla tugtha isteach ó áiteanna eile. Is iad seo na coinníollacha atá ag teastáil ó na síolta atá cheana fhéin sa gcréafóg agus sa ngairbhéal le go dtosóidh siad ag síolrú.
Tosaíonn an próiseas seo le fásra coilíniúcháin, is iad seo na chéad phlandaí a fhaigheann greim ar an talamh. De réir a chéile tosaíonn speicis eile de phlandaí ag fás agus ní gá go mbeadh na plandaí téisclime in ann dul in iomaíocht leis na speicis a thiocfaidh ina ndiaidh. Portach a bhí anseo tráth agus cé gur baineadh an mhóin go leac i bhfad ó shin, tá iliomad plandaí portaigh ag fás arís ann. Tapaíonn éalaithigh ghairdín deis síolrú i spás mar seo freisin.
Beidh an éiceolaíocht i ngnáthóga saorga mar seo athraitheach ar feadh scaithimh, ach de réir mar a théann na séasúir fáis ar aghaidh, tiocfaidh cothromaíocht i réim ar an gcúinne beag seo.
Bíonn baoithe le feiceáil mar mhaisiúcháin ar gheataí nó i ngáirdíní na háite. Ar an bhfarraige, is leid iad don iascaire go bhfuil rud éigin luachmhar faoin uisce, agus is leid anseo iad go bhfuil seoda an dúlra ós ár gcomhair.
Breathnaigh thart. Glac sos, crom síos agus cur aithne ar na plandaí agus ainmhithe ós do chomhair.
Páirc Astro na Ceathrún Rua
an Tismeán
an Cheathrú Rua
Contae na Gaillimhe
Plean le | Plan
Ríonach Ní Néill
Plean plandála & cothabhála | Planting
Róisín Byrne
Suirbhé bhithéagsúlachta faoi stiúir | Biodiversity survey led by
Cian Ó Ceallaigh
Cluichreáin baoithe le | Buoy Assemblages
Ríonach Ní Néill
Dearadh Grafaic | Graphic Design
Caomhán Ó Scolaí
le Caoinchead | By Permission of
Coiste Pháirc an Chathánaigh
Buíochas le | thanks to
Coiste na Páirce, Seathrún Ó Tuairisg, Caitríona Ní Chonaola
Tá eolas faoi na plandaí atá ag fás anseo ar fáil ar https://www.florachoisfharraige.ie/
Tá eolas faoi na bealaí gur féidir leat gnáthóga agus an fiadhúlra a chaomhnú ar fáil ar https://biodiversityireland.ie